Thursday, November 10, 2011

Teidí Beag Álainn (song)

Teidí beag álainn, Teidí beag buí,
Thit sé sa pháirc agus tá sé an-tinn.
Tá sé ina leaba beag, tá sé ina luí.
Teidí beag álainn, Teidí beag buí.

Ghortaigh sé a cheann agus ghortaigh sé a shúil,
Ghortaigh sé a lámh agus ghortaigh se a ghlúin.
Tá sé ina leaba beag, tá sé ina luí.
Teidí beag álainn, Teidí beag buí.

Tháinig an doctúir i gcarr chun an tí.
Cá bhfuil Teidí beag, Teidí beag buí?
Tá sé ina leaba beag, tá sé ina luí.
Teidí beag álainn, Teidí beag buí.

No comments:

Post a Comment